Description

Foréigean bunaithe ar inscne a léirítear trí chumarsáid leictreonach agus tríd an idirlíon

Additional notes and information

Cé gur féidir le cibear-fhoréigean tionchar a imirt ar mhná agus ar fhir araon, bíonn cineálacha difriúla foréigean ag mná agus ag cailíní. Tá cineálacha éagsúla cíbear-fhoréigin i gcoinne mná agus cailíní, lena n-airítear, ach gan a bheith teoranta do, cíbear-stalcaireacht, pornagrafaíocht neamhthoiliúil, (nó porn díoltais), masla bunaithe ar inscne, fuathchaint agus ciapadh bunaithe ar inscne, slut-náiriú, pornagrafaíocht gan iarraidh, dúmhál faoi ghnéas, bagairtí éignithe agus bagairtí báis, agus gáinneáil a éascaítear go leictreonach. Ní feiniméan ar leith é an cibear-fhoréigean i comparáid le foréigean “fíor-shaoil”, mar is minic a leanann sé na patrúin chéanna le foréigean as líne.