Description

ról atáirgthe, táirgthe agus bainistithe pobail

Additional notes and information

Bíonn tionchar ag an tábhacht a chuirtear ar na bealaí sin ar an gcaoi a socraíonn mná agus fir tosaíochtaí chun cláir nó tionscadail a phleanáil. Féadtar gur fearr nó gur measa seansanna na mban maidir le deiseanna forbartha a thapú de réir mar a chuirtear na bealaí sin san áireamh nó mura gcuirtear san áireamh iad. I mbunús na sochaithe, glacann mná ar ioncam íseal na trí ról chucu féin, agus glacann fir gníomhaíochtaí táirgiúla agus gníomhaíochtaí polaitíochta pobail chucu féin den chuid is mó, ar róil iad a bhfuil íocaíocht, stádas nó cumhacht ag gabháil leo de ghnáth. Áirítear le ról atáirgthe na mban cúram agus cothabháil an lucht saothair iarbhír agus lucht saothair an teaghlaigh san am atá le teacht (freagrachtaí toirchis agus cúraimí baile). Baineann ról táirgiúil na mban le hobair a dhéanann mná agus fir le haghaidh airgead tirim nó i bpá gcomhchinéil (táirgeadh margaidh, táirgeadh neamhfhoirmiúil, táirgeadh tí, táirgeadh cothabhála). Áirítear le ról na mban maidir le bainistíocht pobail an obair a bhaineann go príomha le cúram agus le hobair gan pá, agus le soláthar comhacmhainní mar uisce, cúram sláinte, etc.