Description

gníomh foréigin a dhéantar go díréireach, ach chan go heisiach, in aghaidh cailíní agus ban, toisc go measann baill teaghlaigh go dtarraingeoidh iompar amhrasta, braite nó iarbhír áirithe easonóir ar an teaghlach nó ar an bpobal

Additional notes and information

Áirítear ar iompair den sórt sin dul i mbun caidrimh ghnéis roimh phósadh, diúltú aontú le pósadh socraithe, dul isteach i bpósadh gan toiliú tuismitheora, adhaltranas a dhéanamh, colscaradh a lorg, gléasadh ar bhealach nach bhfuil inghlactha don phobal, ag obair lasmuigh den bhaile nó gan a bheith ag cloí i gcoitinne le róil inscne steiréitíopacha. Is féidir coireanna ar mhaithe leis an onóir mar a thugtar orthu a dhéanamh i gcoinne cailíní agus ban toisc gur íospartaigh foréigin ghnéis iad, mar shampla éigniú. Áirítear leis an gcatagóir seo de choireanna dúnmharú (marú ar mhaithe leis an onóir mar a thugtar air) agus is minic a dhéanann céile, gaol baineann nó fireann nó ball de phobal an íospartaigh é. In áit breathnú orthu mar ghníomhartha coiriúla in aghaidh na mban, is minic a cheadaíonn an pobal coireanna a dhéantar ar mhaithe leis an onóir mar a thugtar orthu mar bhealach chun sláine a ghnáth-norm cultúrtha, traidisiúnta, nó reiligiúnach a chaomhnú agus/nó a athbhunú tar éis na gcionta a líomhnaítear.