Description

aon bhean a chomhlíonann na critéir incháilitheachta faoin sainmhíniú ábhartha ar dhídeanaí, dá bhforáiltear in ionstraimí idirnáisiúnta nó réigiúnda, faoi shainordú Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe agus/nó sa reachtaíocht náisiúnta

Additional notes and information

Cé nach ndéanann an dlí idirnáisiúnta agus an dlí réigiúnach um dhídeanaithe, lena n-áirítear dlí an Aontais Eorpaigh um dhídeanaithe, tagairt shainráite 'd’inscne' mar fhoras géarleanúna, glactar leis ar bhonn forleathan gur féidir leis tionchar a imirt ar chineál na géarleanúna nó díobhála agus ar chúiseanna na córa seo, nó é sin a ordú. Mar sin de, má léirmhínítear mar is ceart sainmhíniú an Aontais Eorpaigh ar dhaoine a shainaithnítear mar dhaoine a bhfuil gá acu le cosaint idirnáisiúnta (ní mar dhídeanaithe áfach ach mar dhaoine a bhainfeadh leas as 'cosaint choimhdeach’), is amhlaidh a chumhdófar éilimh a bhaineann le hinscne. Tá an foréigean in aghaidh na mban ar na príomhchineálacha géarleanúna a bhaineann do mhná i gcomhthéacs stádais dídeanaithe agus tearmainn. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis an bhforéigean sin an bhagairt a bhaineann le ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais/luathphósadh, bagairt foréigin agus/nó coireanna onóra mar a thugtar orthu, gáinneáil ar mhná, éigniú agus cineálacha eile ionsaithe gnéis, cineálacha tromchúiseacha foréigin baile, pionós an bháis nó pionóis choirp eile atá i gcórais ceartais idirdhealaitheacha cheana féin a fhorchur, steiriliú éigeantais, géarleanúint pholaitiúil nó reiligiúnda as dearcthaí feimineacha nó as dearcthaí eile agus na hiarmhairtí géarleanúna toisc nach gcloítear le noirm shóisialta agus gnásanna sóisialta ó thaobh inscne de. Mar sin