Description

treocht i dtreo comhréir níos mó de mhná i measc oibrithe imirceacha idirnáisiúnta

Additional notes and information

Tharla baineannú na himirce saothair le blianta beaga anuas ar thrí phríomhchúis. Ar an gcéad dul síos, tá an t-éileamh ar shaothar, go háirithe i dtíortha níos forbartha, ag éirí níos roghnaíoch ar bhonn inscne i bhfabhar na bpost a líonann mná de ghnáth, mar shampla i seirbhísí, cúram sláinte agus siamsaíocht, agus go háirithe mar thoradh ar an ngéarchéim chúraim dhomhanda. Ar an dara dul síos, mar gheall ar chaidreamh inscne a bheith ag athrú i dtíortha tionscnaimh áirithe is mó ná riamh an líon ban atá níos neamhspleáiche chun bheith ag obair agus chun dul ar imirce. Ar an tríú dul síos, tháinig fás ar imirce ban le haghaidh obair tí, agus ar imirce phósta eagraithe agus gáinneáil ar mhná isteach sa tionscal gnéis.