Description

modhanna chun achrainn a réiteach seachas trí bhíthin cinntí breithiúnacha, rud a d'fhéadfadh freastal níos fearr ar mhná a lorgaíonn ceartas, go háirithe trí níos mó solúbthachta a bheith ann, costais agus moilleanna a laghdú, agus a áirithiú nach n-imreofar íospairt thánaisteach ar íospartaigh

Additional notes and information

De réir an Choinbhinsiúin ar Fhoréigean in aghaidh Ban agus Foréigean Baile a Chosc agus a Chomhrac, níl sé iomchuí agus ba cheart cosc a chur ar idirghabháil éigeantach agus ar idir-réiteach i gcásanna foréigean inscne in aghaidh na mban. Is amhlaidh sin toisc nach mbíonn an idirghabháil i gcónaí íogair ó thaobh inscne, agus ní fhreastalófar ar riachtanais na mban agus na bhfear ar bhonn cothrom.