Description

cearta an duine atá aitheanta cheana féin i ndlíthe náisiúnta, i ndlíthe idirnáisiúnta agus i gcáipéisí idirnáisiúnta um chearta an duine agus i gcáipéisí comhaontaithe eile atá bunaithe ar aitheantas a thabhairt do chearta bunúsacha na lánúineacha agus na ndaoine aonair go léir a chinneadh go saor agus go freagrach líon, spásáil agus uainiú a gcuid leanaí agus faisnéis agus modhanna chun é sin a dhéanamh a bheith acu, agus an ceart chun an caighdeán is airde a bhaint amach i dtaca le sláinte ghnéasach agus atáirgthe

Additional notes and information

Áirítear leis freisin an ceart chun cinntí a dhéanamh a bhaineann le hatáirgeadh saor ó idirdhealú, comhéigean agus foréigean, mar atá léirithe i gcáipéisí chearta an duine. Áirítear ar chearta an duine do mhná a gceart rialú a dhéanamh, agus cinneadh go saor agus go freagrach, maidir le hábhair a bhaineann lena ngnéasacht, lena n-áirítear sláinte ghnéasach agus atáirgthe, saor ó chomhéigean, idirdhealú agus foréigean. Éilíonn caidreamh comhionann idir mná agus fir i nithe a bhaineann le caidreamh gnéasach agus atáirgeadh, lena n-áirítear meas iomlán ar ionracas coirp an duine, meas ar a chéile, toiliú agus freagracht chomhroinnte as iompar gnéis agus a iarmhairtí.