Description

cumann dlíthiúil nó gnách idir beirt dhaoine ina bhfuil duine amháin de na páirtithe ar a laghad faoi bhun 18 d'aois.

Additional notes and information

Déanann Coistí CEDAW agus CRC pósadh leanaí a léirmhíniú mar chineál de phósadh éigeantais, ós rud é nach bhfuil leanaí - mar gheall ar a n-aois - in ann ó nádúr toiliú iomlán, saoráideach agus feasach a thabhairt dá bpósadh nó dá uainiú. De réir na gcaighdeán um chearta an duine atá cumhdaithe sa Choinbhinsiún um Chearta an Linbh (CRC) agus sa Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), is cineál de chleachtas díobhálach é pósadh leanaí. Is ráthaíocht é pósadh i measc daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a thoirmeasc nach ndéantar na freagrachtaí a bhaineann leis an bpósadh a leagan nó á bhforchur ar leanaí róluath agus gan a dtoiliú. D’fhonn cumas agus neamhspleáchas an linbh atá i mbun forbartha a urramú maidir le cinntí a dhéanann difear dá s(h)aol, d'aontaigh Coistí CEDAW agus CRC gur féidir cead pósta a thabhairt i dtaca le leanbh aibí cumasach atá 16 bliana d'aois ar a laghad, ar choinníoll go ndéanann breitheamh cinneadh den sórt sin, bunaithe ar fhorais dhlisteanacha eisceachtúla a shainmhínítear faoin dlí agus ar fhianaise maidir le haibíocht an linbh sin, gan urraim do chultúr agus / nó traidisiún. Is téarmaí comhghaolmhara, ach ar leith, iad pósadh leanaí, luathphósadh agus pósadh éigeantais. Comhcheanglaíodh iad, áfach, i ngach slí is féidir agus déantar iad a úsáid go hidirmhalartach gan aon sainmhínithe sainráite nó soiléiriú ar a laghad maidir le fairsinge na débhríochta a bhaineann le gach lipéad. D'aontaigh Coistí CEDAW agus CRC an téarma 'pósadh leanaí agus/nó pósadh éigeantais’ a úsáid.