Description

tascanna a dhéantar i dteaghlach lena chinntiú go riarfaí ar bhunriachtanais a bhall, amhail cócaireacht, glanadh, aire a thabhairt do leanaí nó do dhaoine fásta scothaosta agus do bhaill chleithiúnacha eile sa teaghlach

Additional notes and information

Go traidisiúnta, ní íocfar duine as na tascanna seo a chomhlíonadh, agus ní gá go dtabharfaí cumhacht nó stádas de bharr na bhfreagrachtaí seo. I go leor sochaithe, tá an duine atá freagrach as an teaghlach i stádas sóisearach istigh ann agus níos minice ná a mhalairt, bíonn mná agus cailíní freagrach as gach tasc teaghlaigh, fiú má oibríonn siad lasmuigh den bhaile.