Description

aon uirlis nó próiseas oideachais a bhfuil sé mar aidhm aige lucht déanta beartais agus gníomhaithe eile san AE agus sna Ballstáit a dhéanamh níos feasaí ar shaincheisteanna comhionannais inscne, a n-inniúlacht inscne a neartú agus a chur ar a gcumas dóibh spriocanna comhionannais inscne a chur chun cinn ina gcuid oibre ag gach leibhéal

Additional notes and information

Tuigtear go gcuimsíonn oiliúint ar chomhionannais inscne réimse leathan d’uirlisí agus próisis éagsúla oideachais: imeachtaí oiliúna duine le duine agus cúrsaí staidéir; ionduchtú foirne; modúil ar líne; ábhair threorach agus acmhainní gaolmhara; socruithe comhairliúcháin; agus líonraí chun saineolas a roinnt.