Description

beart atá dírithe ar dhlús a chur le fheabhsú sheasamh na mban d'fhonn comhionannas substainteach le fir a bhaint amach, agus chun na hathruithe struchtúracha, sóisialta agus cultúrtha a theastaíonn chun foirmeacha agus iarmhairtí an idirdhealaithe san an atá caite agus san am i láthair in aghaidh na mban a cheartú, chomh maith le cúiteamh a sholáthar dóibh as neamhionannais agus díobháil a fhulaingíodh

Additional notes and information

téarma a úsáidtear sa Choinbhinsiún maidir le Deireadh a chur le Gach Cineál Idirdhealaithe i gcoinne na mBan. Cuireann an téarma seo in iúl go sainráite nádúr 'sealadach' na mbeart speisialta sin, agus is í brí an téarma 'speisialta' ná go bhfuil na bearta deartha chun fónamh ar sprioc shonrach agus gan mná a bhfuil idirdhealú á fhulaingt acu a léiriú mar lag, leochaileach a dteastaíonn bearta breise nó 'speisialta' uathu chun páirt a ghlacadh sa tsochaí nó dul san iomaíocht inti. Ní fabhar speisialta ach teidlíocht a léiríonn úsáid bhearta speisialta. Tá bearta speisialta riachtanach chun comhdheiseanna a áirithiú maidir le rannpháirtíocht agus iomaíocht i réimsí éagsúla den saol sóisialta, áit a bhféadfaí ualaí sóisialta, sláinte agus eacnamaíocha a chur ar mhná de bharr steiréitíopaí inscne nó a róil i dtaca le máithreachas.