Description

an ceart atá ag daoine aonair agus grúpaí freagairt mhear, éifeachtach agus chothrom a fháil chun a gcearta a chosaint, díospóidí a sheachaint nó a réiteach agus drochúsáid na cumhachta a rialú trí phróiseas trédhearcach éifeachtúil, ina bhfuil sásraí ar fáil atá inacmhainne agus cuntasach, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn an chomhionannais

Additional notes and information

Tá dualgais ag stáit faoi dhlí idirnáisiúnta chun rochtain ar cheartas a áirithiú. Is creat dlíthiúil agus bunreachtúil í rochtain na mban ar an gceartas a thugann ráthaíocht do chearta na mban, ach gan oideachas, feasacht ar chearta agus cumhacht cinnteoireachta, is minic nach féidir le mná a gcearta a éileamh, cúnamh dlíthiúil a fháil nó dul chuig an gcúirt. I gciall nós imeachta, ciallaíonn rochtain ar cheartas na nithe seo a leanas a sholáthar dóibh siúd atá ag iarraidh a gcearta dílsithe a bhaint amach: faisnéis chuí agus intuigthe maidir le raon feidhme na gceart seo agus conas iad a rochtain; bonneagar atá inrochtana go héasca - sa chiall fhoirmiúil agus phraiticiúil araon - chun an fhaisnéis seo a fháil agus ansin gníomhú dá réir; cáilíocht fheidhmiú an bhonneagair seo i gcleachtas; agus an mhuinín i bhfóntas agus ionracas an bhonneagair. Chun íospairt thánaisteach agus aithisiú ban a sheachaint le linn imeachtaí dlíthiúla, tá gá le cur chuige íogair ó thaobh inscne. Díríonn gné shubstainteach an cheartais ar a chinntiú go bhfuil torthaí dlíthiúla agus breithiúnacha féin 'cóir cothromasach.’