Description

Is próiseas é pleanáil sábháilteachta inar féidir leis an íospartach dul i gcomhairle le ghíomhaireachtaí cuí chun sabháilteacht phearsanta mhéadaithe agus sábháilteacht aon leanaí a phlé. Note: Ba cheart go mbeadh sé mar chuid de chur chuige comhphairtíochta idir gairmithe, íospartaigh agus leanaí agus ba choir go mbeadh measúnú ar leibhéal an riosca, plean géarcheime a fhorbairt agus plean don todhchaí, gearrthéarmach agus fadtéarmach san áireamh. Tá ról ag na póilíní chun cabhrú le pleananna sabhailteachta a fhorbairt agus tacú leo mar chuid dá bprósis bhainistíochta riosca. Go ginearálta, ba cheart don íospartach, le cúnamh ó chomhairleoir foréigin baile neamhspleách (IDVA) nó seirbhís abhcóideachta neamhspleách eile, an phleanáil sábháilteachta a dhéanamh, agus na hoifigigh in ann cur leis an bpróiseas trí bhearta sábháilteachta a chur i bhfeidhm mar chuid de phlean bainistíochta riosca nó plean gníomhaíochta. Ba cheart é a dhéanamh i gcomhairle le gníomhaireachtaí eile, m.sh. seirbhís dóiteáin, tithíocht, seirbhísí leanaí.