Description

luachanna agus iompair a nglactar go coitianta leo laistigh d'eagraíocht, amhail na huaireanta a oibrítear, na scéalta grinn a mheastar a bheith iomchuí agus an chaoi a labhraítear le comhghleacaithe

Additional notes and information

Cuireann siad seo uile le breithiúnas comhchoiteann intuigthe maidir leis na rudaí atá ábhartha, inghlactha agus/nó tábhachtach in eagraíocht. Tá gnéithe lárnacha an chultúir eagraíochta intuigthe; cleachtar iad i ngnáthaimh laethúla, tugann siad treoir chomhchoiteann do bhaill na heagraíochta, agus is toradh iad ar an bhfoghlaim agus ar chomhordú inmheánach laistigh d'eagraíocht. Ina theannta sin, is ionann iad agus dearcadh sonrach ar an domhan. Ní fhéachann daoine aonair le cultúr eagraíochta a fhoghlaim, ach tugann siad leo é mar chuid de phróiseas sóisialaithe. Léiríonn sé sin nach féidir leis an mbunathrú eagraíochtúil tarlú ach amháin má chuirtear an cultúr eagraíochta san áireamh.