Description

mná, leanaí agus daoine a bhaineann le grúpa, nó a mheastar a bheith bainteach le grúpa, atá faoi mhíbhuntáiste nó atá imeallaithe

Additional notes and information

Téarma a úsáidtear go minic go hidirmhalartach leis an téarma 'grúpa faoi mhíbhuntáiste'. Ceileann an réamhthuairim steiréitíopaithe gur bun-saintréith de chuid na mban í 'leochaileacht' go mbíonn mná thíos leis mar gheall ar róil agus dearcthaí inscne steiréitíopacha agus ar a n-iarmhairt idirdhealaitheacha ar mhná, a chothaítear mar gheall ar easpa gníomhartha/faillí i ngníomhartha i gcás stát chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach, agus go bhféadfadh sé tarlú dá bharr go mbeadh tuilleadh riosca ann go mbeadh siad leochaileach i leith an idirdhealaithe, lena n-áirítear foréigean. Dá bhrí sin, ní mholtar an téarma 'grúpa leochaileach', agus ba cheart 'grúpa faoi mhíbhuntáiste' a úsáid ina ionad.