Description

Sárú fisiciúil iarbhír nó atá á bhagairt, ar sárú den chineál gnéasach é, cibé le lámh láidir nó faoi choinníollacha neamhionainn nó faoi choinníollacha comhéigin

Additional notes and information

Cé go bhfuil an sainmhíniú ginearálta, is minic a úsáidtear an téarma go sonrach maidir le leanaí. De réir Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Chosaint Leanaí in aghaidh Teacht i dTír Gnéasach agus Drochúsáid Ghnéasach, áirítear le drochúsáid ghnéasach leanaí (a) gníomhartha lena ngabhtar le gníomhaíochtaí gnéis le leanbh nach bhfuil, de réir fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta, an aois dhlíthiúil slánaithe aige i gcomhair gníomhaíochtaí gnéis (ní bhaineann sin le gníomhaíochtaí comhthoiliúla gnéis idir mionaoisigh), agus (b) gabháil le gníomhaíochtaí gnéis le leanbh inar úsáideadh comhéigean, le lámh láidir nó le bagairtí, gníomhaíochtaí ina dtéitear i dtír ar iontaoibh an linbh nó ina dtéitear i dtír ar an údarás nó ar an tionchar atá ag an duine sin ar an leanbh, lena n-áirítear laistigh den teaghlach nó i gcás ina bhfuil drochúsáid i gceist le cás fíorleochaileach an linbh go háirithe de bharr míchumas meabhrach nó fisiciúil, nó toisc an leanbh sin a bheith spleách ar an duine.