Description

comhairliúchán a chuidíonn le dlí agus forbairt beartais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh trédhearcach, spriocdhírithe agus comhleanúnach

Additional notes and information

Comhairliúcháin - mar aon le measúnuithe tionchair, meastóireachtaí agus saineolas - is uirlis ríthábhachtach iad maidir le ceapadh beartas trédhearcach feasach. Cabhraíonn siad lena áirithiú go nglactar cinntí i ndáil le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, agus go bhfuil siad bunaithe ar fhianaise agus ar eispéiris agus ar thuairimí na ndaoine sin a ndéanann na beartais difear dóibh agus a bhfuil baint acu lena gcur chun feidhme. Ar na páirtithe leasmhara tá saineolaithe inscne, eagraíochtaí ban, eagraíochtaí sochaí sibhialta eile, agus páirtithe sóisialta. Cuid den chur chuige rannpháirteach maidir le príomhshruthú inscne is ea comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Is cuid bunriachtanach den timthriall beartais é an dlúthchomhar le gach páirtí leasmhar chun ábhair imní, ionchais agus tuairimí na spriocghrúpaí éagsúla a chur san áireamh. Moltar gur de dhlúth agus d’inneach na bpróiseas beartas iad deiseanna agus struchtúir i gcomhair rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus comhairliúchán.