Description

imirce laistigh de thíortha nó thar theorainneacha mar gheall ar phósadh

Additional notes and information

Treocht atá níos coitianta mar gheall ar an domhandú, ar an tsoghluaisteacht mhéadaithe agus ar líon mór d’imircigh shaothair sna sochaithe óstacha. Áirítear leis an imirce a bhaineann le teaghlaigh imirce de bhíthin pósta ag dara glúnta agus ag glúnta ina dhiaidh sin trína dtugtar comhpháirtithe as an tír dhúchais isteach sa tír óstach, póstaí idirnáisiúnta saoránach agus neamhshaoránach a eascraíonn as an turasóireacht, oideachas, gníomhaíochtaí gnó agus gairmiúla, agus ar deireadh gluaiseacht teaghlach ina n-iomláine. Tá snáitheanna éagsúla ceisteanna laistigh den chineál imirce seo, ó leibhéil neamhchothroma forbartha laistigh de thíortha agus ina measc; gurb iad mná is mó is imircigh trí bhíthin pósta; soghluaisteacht eacnamaíoch agus shóisialta; cleamhnais agus líon níos mó brídeacha Idirlín agus postdíola; beartais inimirce, comhtháthú agus aitheantas; agus teacht chun cinn na saoránach nua i dtíortha a fhaigheann imircigh. Tá baol mór ann do mhná is imircigh trí bhíthin pósta go ndéanfar foréigean inscne de chineálacha ar leith orthu (foréigean síceolaíoch nó fisiceach baile, pósadh éigeantais, teacht i dtír ar obair tí, etc.), agus d'fhéadfadh go mbeadh rochtain theoranta acu ar sheirbhísí cosanta agus tacaíochta.