Description

oibleagáid agus freagracht ar struchtúir stáit agus ar oifigigh phoiblí chun príomhshruthú inscne a chur i bhfeidhm agus cuspóirí beartais um chomhionannas inscne a bhaint amach, tuairisciú ar an dul chun cinn a baineadh amach, agus a bheith freagrach sa chás nach gcomhlíontar cuspóirí comhionannais inscne luaite

Additional notes and information

Éilíonn cuntasacht inscne-íogair gur féidir cinntí na ngníomhaithe poiblí a mheas go rialta ó thaobh riachtanais agus leasanna na mban agus na bhfear agus go bhfuil comhionannas inscne ar cheann de na caighdeáin a ndéantar measúnú ar fheidhmíocht lucht déanta cinntí ina leith.