Description

uirlis bheartais chun togra beartais ar leith a scagadh, chun an tionchar nó an éifeacht dhifreálach atá aici ar mhná agus ar fhir a bhrath agus a mheasúnú, chun gur féidir na míchothromaíochtaí sin a cheartú sula bhformhuineofar an togra

Additional notes and information

A bhuí le hanailís ó thaobh inscne is féidir a thabhairt le fios an bhfuil riachtanais na mban agus na bhfear á gcur san áireamh agus á riar ar bhonn cothrom le togra ar leith. Cuireann sé ar chumas lucht déanta beartas beartais a fhorbairt agus tuiscint acu ar réaltacht shocheacnamaíoch na mban agus na bhfear agus féadfar beartais lena gcuirfear difríochtaí (inscne) san áireamh a fhorbairt. Is féidir measúnú tionchair inscne a chur i bhfeidhm ar reachtaíocht, pleananna beartais, cláir bheartais, buiséid, gníomhaíochtaí fódúla, billí agus tuarascálacha nó glaonna i gcomhair taighde. Ní gá modhanna measúnaithe tionchair inscne a chur i bhfeidhm ar bheartas atá á dhéanamh amháin; is féidir iad a chur i bhfeidhm freisin ar bheartais atá ann cheana féin. Is féidir iad a úsáid sa riarachán chomh maith le gníomhaithe seachtracha; sa dá chás, teastaíonn eolas go leor ar shaincheisteanna inscne. Tá de bhuntáiste ag na huirlisí seo go dtarraingíonn siad pictiúr an-chruinn de na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag beartais áirithe.