Description

seirbhís a chuirtear ar fáil go sonrach chun freastal ar mhná amháin nó, ar mhná den chuid is mó, - íospartaigh an fhoréigin

Additional notes and information

Tá caighdeáin leagtha síos ag Coinbhinsiún Iostanbúl (IC) maidir le línte cabhrach naisiúnta do mhná, ar tagarmharcanna tábhachtacha iad le go leanfaidh gach stat, is cuma an bhfuil an Conbhinsiún daingnithe acu nó nach bhfuil. De réir Airteagal 24 de Choinbhinsiún Istanbul, ba cheart do stáit line chabhrach náisiúnta amháin ar a laghad a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban, ag feidhmiú 24/7 agus saor in aisce. Is iad gnéithe tábhachtacha eile de line chabhrach náisiúnta na mban ná tacaíocht a sholáthar i ngach teanga ábhartha, uimhir phoiblí a fhógairt go forleathan, agus atreoruithe a chur ar fail do sheirbhísí ábhartha eile ar nós ionaid chomhairleoireachta, scáthláin ban, nó na póilíní.