Description

ionstraim tomhais dhearfach arb é is aidhm di dlús a chur le hionadaíocht agus rannpháirtíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach trí chomhréir shainithe (céatadán) nó líon sainithe ionad nó suíochán a bhunú atá le líonadh ag mná agus/nó fir, nó atá le leitdháileadh orthu faoi rialacha nó faoi chritéir ar leith de ghnáth

Additional notes and information

Féadtar cuótaí a chur chun feidhme chun míchothromaíocht inscne a bhí ann roimhe seo i réimsí éagsúla agus ar leibhéil éagsúla a chur ina ceart, lena n-áirítear tionóil pholaitiúla, poist chinnteoireachta sa saol poiblí, sa saol polaitiúil agus sa saol eacnamaíoch (boird chorparáideacha), chomh maith lena áirithiú go gcuirtear san áireamh mná agus a rannpháirtíocht i gcomhlachtaí idirnáisiúnta, nó mar uirlis chun fáil chothrom ar dheiseanna oiliúna nó ar phoist a chur chun cinn. Maidir le cuótaí arb aidhm dóibh ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a mhéadú, féadfaidh an bunreacht nó dlí comhionannais toghcháin, saothair nó inscne (cuótaí dlíthiúla inscne a bhféadfadh smachtbhannaí a bheith i gceist leo mar gheall ar neamhchomhlíonadh), iad a shainordú nó a chur chun feidhme ar bhonn deonach (cuótaí deonacha páirtí polaitíochta). Tá cineálacha éagsúla cuótaí ann freisin, rud atá ag brath ar an ngné sin den phróiseas roghnúcháin agus ainmniúcháin ar a bhfuil an cuóta dírithe.