Description

uirlis chun faireachán a dhéanamh ar dhifríochtaí inscne, ar athruithe a bhaineann le hinscne le himeacht ama agus ar an dul chun cinn a dhéantar i leith spriocanna comhionannais inscne

Additional notes and information

Go ginearálta, is éard is táscairí ann, staitisticí a bhfuil pointe tagartha (norm nó tagarmharcáil) acu ar féidir breithiúnais luacha a dhéanamh ina gcoinne. Tá táscairí normatach sa mhéid gur féidir léamh ‘maith’ nó ‘olc’ a bhaint as athrú ón bpointe tagartha go treo áirithe. Maidir le staitisticí inscne, de ghnáth tugtar stádas níos airde do mhná i dtír áirithe a bhuí le (i gcomparáid le) staid na bhfear sa tír sin. I roinnt cásanna - mar shampla mar gheall ar mhortlaíocht máithreacha nó ar rochtain ar sheirbhísí réamhbhreithe – is ionann an norm agus cás na mban i dtíortha eile. Chomh maith le táscairí cainníochtúla (bunaithe ar staitisticí arna miondealú de réir gnéis), d'fhéadfadh táscairí cáilíochtúla a bheith ann (bunaithe ar thaithí, dearcadh, tuairimí agus mothúcháin na mban agus na bhfear). A bhuí le táscairí atá íogair ó thaobh inscne féadtar athruithe sa chaidreamh idir mná agus fir a thomhas i réimse beartais, i gclár nó i ngníomhaíocht áirithe, chomh maith le hathruithe i stádas nó i gcás na mban agus na bhfear.