Description

staitisticí a léiríonn go héifeachtach difríochtaí agus neamhionannais i gcás ban agus fear i ngach réimse den saol

Additional notes and information

Déantar staitisticí inscne a shainiú trí shuim na saintréithe seo a leanas: (a) bailítear sonraí agus léirítear iad arna n-imdhealú de réir gnéis mar aicmiú príomhúil agus foriomlán; (b) léiríonn sonraí saincheisteanna inscne - ceisteanna, fadhbanna agus ábhair imní a bhaineann le gach gné de shaol na mban agus na bhfear, lena n-áirítear a gcuid riachtanas, deiseanna nó rannchuidiú sonracha don tsochaí; (c) tá sonraí bunaithe ar choincheapa agus ar shainmhínithe a léiríonn go héifeachtach éagsúlacht ban agus fear agus gabhann siad gach gné dá saol; agus (d) cuireann modhanna bailithe sonraí san áireamh steiréitíopaí agus tosca sóisialta agus cultúrtha a d'fhéadfadh laofachtaí inscne a spreagadh.