Description

foréigean a imrítear ar mhná agus ar chailíní le linn coimhlinte armtha, lena n-áirítear foréigean fisiceach, gnéasach agus síceolaíoch a dhéanann gníomhaithe stáit agus neamhstáit araon, lena n-áirítear dúnmharú, maruithe neamhdhleathacha, céasadh agus cóireáil nó pionós éadrócaireach, mídhaonna nó díghrádaithe eile, fuadach, cithréim a fhágáil orthu ciorrú, earcú éigeantais ar chomhraiceoirí mná, éigniú, sclábhaíocht ghnéasach, teacht i dtír gnéasach, á gcur ar iarraidh go neamhdheonach, coinneáil aondeonach, pósadh éigeantais, striapachas éigeantais, ginmhilleadh éigeantais, toircheas éigeantais agus steiriliú éigeantais

Additional notes and information

Úsáidtear foréigean gnéasach le linn coimhlinte armtha ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear mar chéasadh, chun díobháil a dhéanamh, faisnéis a bhaint amach, díghrádú agus imeaglú, agus pobail a mhilleadh. Úsáidtear éigniú na mban chun lucht freasúra a náiriú, chun pobail agus grúpaí a thiomáint as talamh agus chun VEID a scaipeadh go toiliúil. Bhí iallach ar mhná saothar sclábhaíochta gnéasach agus intíre a dhéanamh. Fuadaíodh na mná freisin agus cuireadh iallach orthu ansin feidhmiú mar 'mhná céile' mar luach saothair do throdaithe.