Description

gné lena gcuirtear san áireamh difríochtaí bunaithe ar inscne nuair a bhreathnaítear ar aon fheiniméan, beartas nó próiseas sóisialta

Additional notes and information

Díríonn gné na hinscne go háirithe ar dhifríochtaí bunaithe ar inscne i stádas agus i gcumhacht, agus pléann sí an chaoi a n-imríonn idirdhealú den sórt sin tionchar ar riachtanais is práinní, mar aon le leasanna fadtéarmacha na mban agus na bhfear. I gcomhthéacs beartais de, is straitéis í gné na hinscne a úsáid chun ábhair imní na mban agus na bhfear a chur go croílár cheapadh, chur chun feidhme, fhaireachán agus mheastóireacht na mbeartas agus na gclár i ngach réimse polaitiúil, eacnamaíoch agus sochaíoch, chun go rachaidh sé chun sochair do mhná agus d'fhir ar bhonn cothrom agus nach mbuanaítear an neamhionannas.