Description

próiseas trína ngnóthaíonn mná cumhacht agus smacht ar a saol féin agus trína sealbhaíonn siad an cumas chun roghanna straitéiseacha a dhéanamh

Additional notes and information

Tá cúig chomhpháirt ag cumhachtú na mban: tuiscint na mban ar a bhféinluach; a gceart roghanna a bheith acu agus a dhéanamh; a gceart rochtain a bheith acu ar dheiseanna agus ar acmhainní; a gceart chun cumhacht a bheith acu chun a saol féin a rialú, laistigh agus lasmuigh den bhaile araon; agus a gcumas tionchar a imirt ar threoir an athraithe shóisialta chun ord sóisialta agus eacnamaíoch níos córa a chruthú, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Sa chomhthéacs seo, i dtaca le hoideachas, oiliúint, ardú feasachta, tógáil féin-mhuiníne, leathnú roghanna, rochtain agus rialú níos fearr ar acmhainní, agus gníomhartha chun na struchtúir agus na hinstitiúidí a bhunathrú a atreisíonn agus a bhuanaíonn idirdhealú inscne agus neamhionannas, is uirlisí tábhachtacha iad seo ar fad chun mná agus cailíní a chumhachtú lena gcearta a éileamh