Description

foréigean fisiceach, gnéasach nó síceolaíoch de gach cineál a chuireann sábháilteacht nó leas baill teaghlaigh i mbaol agus/nó fórsa fisiceach nó mothúchánach a úsáid nó fórsa fisiceach a bhagairt, lena n-áirítear foréigean gnéis, laistigh den teaghlach nó den teaghais

Additional notes and information

Áirítear leis seo mí-úsáid leanaí, ciorrú coil, batráil mná agus mí-úsáid ghnéis nó mí-úsáid eile d'aon bhall den teaghlach. Is minic a úsáidtear foréigean teaghlaigh agus foréigean baile go hidirmhalartach gan aon difríochtaí sonracha ina sainmhínithe. Mar sin féin, i mórán tíortha Eorpacha aistrítear foréigean baile ina dteangacha náisiúnta agus sainmhínítear é ina ndlíthe mar fhoréigean teaghlaigh. Mar gheall ar an bhfíric seo d’fhéadfadh cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh mná an fhoréigin bhaile a bheith ag brath ar an sainmhíniú ar theaghlach, nach n-aithníonn, b’fhéidir, na cineálacha éagsúla teaghlaigh.