Description

aon idirdhealú, eisiamh nó srian a dhéantar ar bhonn gnéis nó iscne a bhfuil sé d’éifeacht nó de chuspóir aige nó aici, i dtaca le cearta an duine agus bunsaoirsí a bheith ag nó a bheith á bhfeidhmiú ag mná sa réimse polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha, sibhialta nó réimse ar bith eile, beag beann ar stádas pósta, ar bhonn comhionannais idir fir agus mná, go ndéanfaí dochar dóibh, nó nach n-aithneofaí iad

Additional notes and information

Is féidir go dtarlódh trí ghníomhartha a bhfuil sé mar thoradh orthu, nó a bhfuil d’éifeacht acu, go ndiúltófaí feidhmiú cirt do mhná mar gheall ar easpa aitheantais faoi mhíbhuntáiste agus neamhionannas inscne atá ann cheana féin a bhaineann le mná (idirdhealú neamhbheartaithe nó neamhdhíreach), agus trí neamhghníomhú gníomhartha freisin, i.e gan bearta reachtacha is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear cearta na mban i gcrích go hiomlán, gan beartais náisiúnta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm acu comhionannas inscne a bhaint amach, agus gan dlíthe ábhartha a fhorfheidhmiú. Is féidir idirdhealú a eascairt as dlí (idirdhealú de jure) nó as cleachtas (idirdhealú de facto) araon. Aithníonn agus déileálann Coinbhinsiún CEDAW leis an dá chineál idirdhealaithe, cibé acu i ndlíthe, i mbeartais, i nósanna imeachta nó i gcleachtas.