Description

ceannas iarbhír ag gnéas amháin i ngairm ar leith nó gur mó gnéas amháin i gcoibhneas leis an sciar lena bhfuiltear ag súil

Additional notes and information

Mar shampla, mar gur gnáth tearcionadaíocht a bheith ann ar leibhéal comhiomlán ó thaobh na mban sa daonra fostaithe, d'fhéadfadh an sciar sin a bhfuiltear ag súil leis a bheith níos ísle i ngairm amháin ná sciar na bhfear dá ndáilfí iad ar an gcaoi chéanna le fir ar fud gach gairme. Sa chleachtas, is deacair leithscaradh na n-inscní a cheapadh i dtéarmaí coibhneasta, mar is í an phríomhchúis ar gnách mná a bheith níos lú ná 50% den lucht saothair fostaithe ná leithscaradh na n-inscní sa saothar baile agus sciar díréireach na mban maidir le cúram neamhíoctha agus obair tí. Dá réir sin, is é an t-ionchas tosaigh réasúnach maidir le comhionannas inscne é an leithscaradh a thomhas an bhfuil tromlach inscne amháin nó inscne eile i ngairm nó san ionad oibre (agus dearbhthéarmaí á n-úsáid).