Description

comhionannas a bhaint amach sa chiall athdháilte níos leithne, atá dírithe níos mó ar thorthaí, bunaithe ar an léargas go bhféadfadh sé nach leor comhdheiseanna agus an chóir chothrom chun an leatrom agus an míbhuntáiste stairiúil in aghaidh na mban a chur ina cheart

Additional notes and information

I gcásanna áirithe, is féidir go mbeadh tionchar diúltach i ndáiríre ag deiseanna comhionannais ar fholláine na mban, má chaitheann mná am agus fuinneamh chun leas a bhaint astu gan aon toradh. D'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh toradh comhionannais do mhná agus d'fhir ar idirghabhálacha forbartha, is gá iad a dhearadh ar bhonn anailíse inscne. Ní chiallaíonn cóir 'chomhionann' dá bhrí sin an chóir 'chéanna', ach tugann sé le fios go gcaithfí mar an gcéanna le daoine atá i gcúinsí atá mar an céanna, agus gur chóir go gcaithfí go héagsúil le daoine atá i gcúinsí éagsúla. Éilíonn comhionannas toraidh nó torthaí timpeallacht chumasúcháin shóisialta a chruthú trí dhul i ngleic leis an idé-eolaíocht agus na comhstruchtúir chultúrtha a chruthaíonn ordlathais laistigh de chaidreamh inscne. Cruthaíodh gur beart riachtanacha iad bearta dearfacha chun comhionannas toraidh a ráthú.