Description

grúpa daoine ar mó a mbaol a bheith thíos leis an mbochtaineacht, eisiamh sóisialta, idirdhealú agus foréigean ná an gnáthphobal, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh seo amháin, mionlaigh eitneacha, imircigh, daoine faoi mhíchumas, seandaoine agus leanaí scoite

Additional notes and information

Tarlaíonn an leochaileacht maidir le hidirdhealú agus imeallú mar thoradh ar choinníollacha sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus polaitiúla seachas cáilíocht a bhaineann ó nádúr le grúpaí áirithe daoine. Is minic a bhíonn mná agus cailíní a bhaineann leis na grúpaí seo thíos leis mar gheall ar ilidirdhealú agus foréigean inscne. Mar sin féin, tá rochtain theoranta acu ar chosaint, tacaíocht agus cúiteamh nuair a sháraítear a gcearta. I gcúrsaí scoláireachta le déanaí ar róil agus ar dhearcadh inscne steiréitíopacha, agus a n-iarmhairt idirdhealaitheach ar mhná, cuirtear in iúl go láidir nach bhfuil mná leochaileach ó nádúr, ach go bhfuil siad thíos leis toisc míbhuntáiste a bheith á fhorchur orthu.