Description

Duine nádúrtha a d’fhulaing díobhail, lena n-áirítear díobhail choirp, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíoch a tharla go díreach mar gheall ar chion coiriúil, chomh maith le bail teaghlaigh duine a raibh a bhás mar thoradh díreach ar chion coiriúil agus a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar bhás an duine sin

Additional notes and information

Clúdaíonn an sainmhíniú seo freisin baill teaghlaigh d'íospartach éagtha a d'fhulaing díobháil mar gheall ar bhás an duine a tharla go díreach mar gheall ar chion coiriúil. Maidir le foréigean in aghaidh na mban, is minic a úsáidtear an téarma 'íospartach' go hidirmhalartach leis an téarma 'marthanóir'. Mar sin féin, tá cáineadh déanta ar an téarma íospartach mar go ndiúltaíonn sé gníomhaireacht do mhná a d'fhulaing foréigean inscne, go háirithe íospartaigh an éignithe. Dá bhrí sin, moladh gur chóir an téarma marthanóir a úsáid. Tá na díospóireachtaí maidir leis an téarmaíocht seo ar siúl fós. In ainneoin na ndíospóireachtaí atá ann faoi láthair maidir leis na téarmaí 'íospartach' agus 'marthanóir' - ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht - i ngach sainmhíniú sa Ghluais um Chomhionannas Inscne a bhaineann le foréigean inscne, bainimid úsáid as an téarma 'íospartach' mar go n-úsáidtear an téarma céanna arís agus arís eile i bhfoinsí Eorpacha agus idirnáisiúnta eile.