Description

am oibre, obair pháirtaimseartha, ragobair agus obair oíche a eagrú ar bhealach solúbtha

Additional notes and information

Ofrálann foirmlí ama oibre raon féidearthachtaí maidir le líon na n-uaireanta a oibrítear agus socruithe uainchlár, sealanna nó sceidil oibre in aghaidh an lae, na seachtaine, na míosa nó na bliana. Is féidir breathnú ar shealobair, uaireanta neamhghnácha agus ragobair mar shamplaí de shocruithe ama oibre solúbtha fostóirlárnacha; ar an taobh eile, scéimeanna saoire le haghaidh cúrsaí teaghlaigh, mar shampla an fhéidearthacht i leith tús agus/nó deireadh an lae oibre a athrú agus an fhéidearthacht i leith am oibre a eagrú chun laethanta iomlána a ghlacadh ar chúiseanna teaghlaigh, gan laethanta saoire a úsáid, is samplaí iad de shocruithe ama oibre fostaílárnacha, nó de shocruithe chun tacú le cothromaíocht oibre is teaghlaigh. Is féidir breathnú ar sholúbthacht ama oibre mar chuidiú i leith comhionannais inscne toisc go gcabhraíonn sí le daoine aonair cothromaíocht oibre is saoil a choimeád. Mar sin féin, gabhann míbhuntáistí léi freisin, mar shampla comhchruinniú ban in obair pháirtaimseartha ar phá íseal, le beagán oiliúna nó gan aon oiliúint ná deiseanna gairme ar fáil