Description

deireadh le toircheas mar gheall ar an bpróiseas a thosaigh go spontáineach (breith anabaí) nó toircheas nach raibh beartaithe nó toircheas a chuireann beatha nó sláinte na mná torraí i mbaol, lena n-áirítear folláine shóisialta agus intinne a fhoirceannadh d'aon turas (foirceannadh toirchis).

Additional notes and information

Ní mar a chéile i ngach tír na coinníollacha faoina gceadaítear ginmhilleadh a dhéanamh go dleathach. I dtíortha áirithe, tá an-srian ar rochtain ar ghinmhilleadh; i dtíortha eile, tá foirceannadh toirchis ar fáil ar fhorais leathana liachta agus shóisialta, amhail toircheas mar thoradh ar éigniú agus ar chiorrú coil; nuair a dhéantar diagnóis liachta maidir le hanchuma thromchúiseach a bheith ar an bhféatas; nó ar iarratas, an dara ceann ag aithint shaor-rogha na mná i gcúrsaí a bhaineann le hatáirgeadh.