Description

noirm shóisialta agus iompraíochta a meastar go forleathan ina leith, laistigh de chultúr ar leith, go bhfuil siad cuí ar bhonn sóisialta do dhaoine aonair de ghnéas ar leith

Additional notes and information

Le chéile, is minic a chinneann róil inscne na freagrachtaí agus na cúraimí traidisiúnta a thugtar do mhná, d'fhir, do chailíní agus do bhuachaillí (féach roinnt an tsaothair ar bhonn inscne). Is minic a cheaptar róil inscne-shonracha de réir struchtúir tí, rochtain ar acmhainní, tionchair shonracha an gheilleagair dhomhanda, coimhlint nó tubaiste, agus tosca eile atá ábhartha go háitiúil ar nós coinníollacha éiceolaíocha. Cosúil leis an inscne féin, is féidir le róil inscne forbairt le himeacht ama, go háirithe trí chumhachtú ban agus fireannachtaí a bhunathrú.