Description

foréigean dírithe i gcoinne duine mar gheall ar inscne, féiniúlacht inscne nó léiriú inscne an duine sin, nó a chuireann isteach go díréireach ar dhaoine darb inscne áirithe

Additional notes and information

D'fhéadfadh sé go mbeadh dochar fisiceach, gnéis, mothúchánach nó síceolaíoch ann dá bharr don íospartach, nó go mbeadh sé nó sí thíos leis ar bhonn eacnamaíoch.Is tearmaí iad foréigean inscne-bhunaithe agus foréigean in aghaidh na mban a úsáidtear go minic go hidirmhalartaithe toisc gur aithníodh go forleathan go ndéantar foréigean inscne-bhunaithe ar mhná agus ar chailíní, ag fir. Mar sin féin, tá sé tábhachtach an ghné “bunaithe ar inscne” a úsáid toisc go léiríonn sé go bhfuil go leor cineálacha foréigin in aghaidh na mban fréamhaithe i neamhionannais cumhachta idir mná agus fir. Úsáidtear na téarmaí go hidirmhalartaithe ar fud obair EIGE, rud a léiríonn lion díréireach na gcoireanna áirithe seo i gcoinne na mban