Description

gníomh arb é is aidhm dó go mbeidh rochtain níos fearr ag daoine ar de chatagóirí áirithe daoine iad, sa chás áirithe seo, mná, ar chearta a ráthófar dóibh an oiread céanna le daoine ar de chatagóirí eile iad, sa chás áirithe seo, fir

Additional notes and information

I gcásanna áirithe, is é an chúis a mbíonn an t-idirdhealú ann go gcuirtear an riail chéanna chun feidhme ar gach duine gan difríochtaí ábhartha a chur san áireamh. D'fhonn cásanna mar sin a leigheas agus a chosc, ní mór do rialtais, d'fhostóirí agus do sholáthraithe seirbhísí a áirithiú go nglacann siad céimeanna chun a gcuid rialacha agus a gcuid cleachtas a choigeartú chun na difríochtaí sin a chur san áireamh - is é sin, ní mór dóibh rud éigin a dhéanamh chun bearta agus beartais atá ann faoi láthair a choigeartú. De ghnáth déantar tagairt don choincheap maidir le ‘beart dearfach’ sa dlí idirnáisiúnta mar ‘bhearta speisialta’. Úsáidtear téarmaí difriúla chun cur síos a dhéanamh ar bhearta den sórt, ar téarmaí iad a bhféadfadh brí agus léirmhíniú éagsúil a bheith leo i gcomhthéacsanna difriúla náisiúnta agus i réimsí difriúla a n-infheidhmeachta. Ar na téarmaí is mó a bhfuil eolas orthu tá: gníomhaíocht dhearfach, nó bearta dearfacha; gníomh dearfach; an chóir fhabhrach; bearta speisialta; idirdhealú aisiompaithe agus gníomhaíocht dhearfach.