Description

comhlacht atá sainordaithe chun an chóir chomhionann a chur chun cinn sa chomhthéacs náisiúnta, anailís agus faireachán a dhéanamh ina leith agus tacú léi

Additional notes and information

Féadfaidh na comhlachtaí seo a bheith mar chuid de ghníomhaireachtaí a bhfuil freagrachtaí acu ar an leibhéal náisiúnta chun cearta an duine a chosaint nó coimirce a dhéanamh ar chearta aonair. Tá an inniúlacht ag comhlachtaí comhionannais (a) cúnamh neamhspleách a sholáthar d'íospartaigh idirdhealaithe agus iad ag déanamh a gcuid gearán faoi idirdhealú, (b) suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le hidirdhealú agus tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú, agus (c) moltaí a dhéanamh maidir le haon cheist a bhaineann leis an idirdhealú sin. D'fhéadfadh go mbeadh sainordú réasúnta sainiúil acu a bhaineann le hidirdhealú ar bhonn gnéis agus inscne, nó sainordú níos leithne chun cur i gcoinne idirdhealaithe ar raon foras, lena n-áirítear aois, míchumas, gnéas agus inscne, cine nó bunús eitneach, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne.