Description

Cleachtais agus iompraíochtaí leanúnacha atá bunaithe ar idirdhealú ar bhonn gnéis, inscne, aoise agus forais eile chomh maith le hilchineálacha idirdhealaithe agus / nó trasnaitheacha a bhaineann go minic le foréigean agus le díobháil nó fulaingt fisiciúil agus / nó síceolaíoch

Additional notes and information

Sáraíonn an dochar a dhéanann na cleachtais seo do na híospartaigh na hiarmhairtí fisiciúla agus meabhara láithreacha agus is minic a bhíonn sé mar aidhm nó éifeacht acu dochar a dhéanamh d’aitheantas, do thaitneamh agus d’fheidhmiú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ban agus leanaí, ar a ndínit, a n-ionracas fisiciúil, síceasóisialta agus morálta, a bhforbairt, a rannpháirtíocht, a sláinte, a stádas oideachasúil, eacnamaíoch agus sóisialta. Chun a bheith dochrach, ba choir do chleachtais na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:a.Is ionann iad agus séanadh dínit agus/nó sláinte an duine aonair agus sárú ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha atá cumhdaithe sad á Choinbhinsiún; b.Is ionann iad agus leithcheal in aghaidh ban nó leanaí agus tá said díobhálach sa mhéid go mbíonn iarmhairtí diúltacha orthu mar dhaoine aonair nó mar ghrúpaí, lena n-áiritear díobhail fhisiceach, shíceolaíoch, eacnamaíoch agus shóisialta agus/nó foréigean agus srianta ar a gcumas páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí nó a lánacmhainneacht a bhaint amach; c. Is cleachtais thraidisiúnta, athfhorbartha nó éiritheacha iad a fhorordaítear agus/nó a choinnítear I bhfeidhm ag noirm shóisialta a chothaíonn ceannas agus éagrothoime na bhfear agus na leanaí, bunaithe ar ghnéas, inscne, aois agus tosca trasnaithe eile; d. Curieann teaghlaigh, baill an phobail, nó an tsochaí i gcoitinne, iad ar mhná agus ar leanaí, beag bean ar cibé an soláthraíonn an t-íospartach toiliú iomlán, soar in aisce, nó an féidir leis é a sholáthar