Description

grúpa deonach saoránach neamhbhrabúis atá neamhspleách go príomha ón rialtas, grúpa atá eagraithe ar leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta chun dul i ngleic le saincheisteanna ar son leas an phobail

Additional notes and information

Tá ENRanna aitheanta mar ghníomhaithe fíorthábhachtach sa tríú hearnáil maidir le cúrsaí forbartha, cearta an duine, gníomhaíocht dhaonnúil, comhionannas inscne, an comhshaol, agus go leor réimsí eile ó thaobh gníomhaíocht phoiblí de. Is le dhá chineál gníomhaíochta atá difriúil ach ar minic iad a bheith gaolmhar is fearr a aithnítear ENRanna na mBan eadhon: seirbhísí a chur ar fáil do mhná i ngátar, agus abhcóideacht beartais agus feachtais phoiblí a eagrú chun críche an chlaochlaithe shóisialta is gá chun comhionannas inscne a bhaint amach.