Description

naoi mí nuair a bhíonn suth agus féatas atá i mbun forbartha á n-iompar ina corp ag bean

Additional notes and information

Le linn toirchis, féadfaidh baol áirithe a bheith ann do shláinte na mná agus do shláinte an linbh atá i mbun forbartha. Maidir le neamhoird agus deacrachtaí a bhaineann le toircheas, a bhféadfadh éagumas chun oibre a bheith mar thoradh orthu, is amhlaidh a bhaineann siad go bunúsach leis na rioscaí atá le toircheas agus i gcás ina gcaitear le níos lú fabhair le duine ar an bhforas sin, nó i gcás ina mbristear duine as a phost ar an bhforas sin fiú, is ionann sin agus idirdhealú díreach i gcoinne ban. Cé gur glacadh le cearta den sórt san am a chuaigh thart mar eisceacht ar phrionsabal an chaithimh chomhionainn, sa lá atá inniu ann glactar leo mar mhodh chun cur chun feidhme phrionsabal an chaithimh chomhionainn do mhná agus d’fhir a áirithiú, maidir le rochtain ar ar fhostaíocht agus coinníollacha fostaíochta oibre araon. Go deimhin, tá sé d’aidhm acu riar ar an bpríomhdhifríocht bhitheolaíoch atá ann idir mná agus fir.