Description

folláine fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta iomlán, ní hamháin nach bhfuil galar nó éagumas ann, i ngach ábhar a bhaineann leis an gcóras atáirgthe agus a fheidhmeanna agus a phróisis

Additional notes and information

Tugann sé le tuiscint go bhfuil daoine in ann saol gnéis sásúil slán a bheith acu agus go bhfuil an cumas acu a atáirgeadh agus an tsaoirse chun cinneadh a dhéanamh, cathain agus cé chomh minic is féidir é sin a dhéanamh. Intuigthe sa choinníoll dheireanach tá na nithe seo a leanas: cearta ban agus fear go gcuirfí ar an eolas iad; go mbeidh rochtain acu ar mhodhanna sábháilteachta, éifeachtacha, inacmhainne agus inghlactha maidir le pleanáil teaghlaigh, lena n-áirítear modhanna chun torthúlacht a rialáil, nach bhfuil in aghaidh an dlí; agus an ceart rochtana ar sheirbhísí cúraim shláinte cuí chun go bhféadfadh mná toircheas agus luí leanbh sábháilte a bheith acu agus an deis is fearr a thabhairt do lánúineacha leanbh sláintiúil a bheith acu. Is cuid de chearta atáirgthe í sláinte atáirgthe