Description

comhlachtaí a bhfuil sainordú tugtha dóibh chun an comhionannas inscne a chur chun cinn agus chun tacaíocht a thabhairt do phríomhshruthú an chomhionannais inscne i mbeartais ghinearálta i ngach réimse, a mbíonn comhlacht an rialtais láir ann de ghnáth agus sin á chomhlánú le struchtúr idir-aireachta chun príomhshruthú inscne a chomhordú agus le daoine teagmhála nó le pointí comhtheagmhála atá freagrach as príomhshruthú inscne in aireachtaí

Additional notes and information

D'fhéadfadh comhlachtaí ar leibhéil éagsúla rialachais a bheith san áireamh sa struchtúr foriomlán – ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil - agus institiúidí stáit eile thar rialtais, go háirithe ar leibhéal na parlaiminte, chomh maith le gníomhaireachtaí neamhspleácha agus comhlachtaí eile, amhail comhlachtaí comhionannais inscne agus/nó ombudsmain, a fhéadfaidh a bheith sainiúil do chomhionannas inscne nó a fhéadfaidh bonn níos ginearálta a bheith leis, a mbeadh an inniúlacht aige gearáin a bhaineann le hidirdhealú a fháil agus a anailísiú ar bhonn gnéis agus inscne.