Description

aon teaglaim de chineálacha idirdhealaithe i gcoinne daoine ar bhonn gnéis, mar gheall ar bhunús ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne nó tréithe eile, agus ar idirdhealú a fhulaingíonn daoine a bhfuil, nó a mbraitear, na tréithe sin a bheith acu

Additional notes and information

Úsáidtear an téarma 'idirdhealú iolrach' mar choincheap uileghabhálach, neodrach do gach cás idirdhealaithe ar fhorais éagsúla idirdhealaitheacha. Is féidir an feiniméan seo teacht chun cinn ar dhá bhealach. Ar dtús, tá 'idirdhealú suimitheach’ ann, i gcás ina dtarlaíonn idirdhealú toisc roinnt foras a bheith ag feidhmiú ar leithligh. Ar an dara dul síos, tá 'idirdhealú trasnach' ann, i gcás ina bhfuil dhá fhoras nó níos mó ag idirghníomhnú sa chaoi nach féidir iad a scaradh. Is mó an baol atá ann do mhná atá i ngrúpaí áirithe faoi mhíbhuntáiste go dtabharfar cóir mhíchothrom orthu mar go bhfuil roinnt saintréithe acu a d'fhéadfadh cur faoi deara don idirdhealú, agus déanann an t-idirdhealú iolrach difear dóibh ar bhealaí difriúla nó ar chéimeanna éagsúla ná mar a dhéantar d’fhir atá sna grúpaí céanna (mar shampla, an steiriliú a rinneadh ar mhná na Romach gan a dtoiliú).