Description

cosaint speisialta do mhná torracha agus d’oibrithe mná ar rugadh leanbh dóibh ar na mallaibh nó atá ag cothú linbh ar an gcíoch chun nach ndéantar dochar dá sláinte féin ná do shláinte a leanaí, agus ag an am céanna a áirithiú nach gcaillfidh siad a bpost mar gheall ar thoircheas nó ar shaoire mháithreachais agus mar gheall air sin amháin

Additional notes and information

Ní hamháin go n-áirithítear le cosaint den sórt sin go bhfuil na deiseanna céanna ag mná ar fhostaíocht agus go gcuirtear cosc ar idirdhealú fostaíochta; is réamhchoinníoll í an chosaint sin freisin chun fíor-chomhionannas maidir le comhdheiseanna agus an chóir chothrom a bhaint amach san obair do mhná agus d’fhir, rud a chuirfidh ar chumas oibrithe a dteaghlaigh a thógáil i gcoinníollacha a bhfuil seasmhacht ag baint leo. Tugtar faoi deara nach i gcónaí a chuimsíonn an cineál cosanta sin tuismitheoirí nach tuismitheoirí fola, agus ní i gcónaí a chuirtear san áireamh leis forbairtí a rinneadh sa leigheas agus sa tsochaí ar na mallaibh, forbairtí a fhágann gurb éagsúlaí na bealaí ar féidir a bheith i do thuismitheoir.