Description

cearta, freagrachtaí agus deiseanna comhionanna ban agus fear, cailíní agus buachaillí

Additional notes and information

Ní chiallaíonn comhionannas go mbeidh mná agus fir mar an gcéanna ach nach mbeidh cearta, freagrachtaí agus deiseanna na mban agus na bhfear ag brath ar cibé acu a rugadh baineann nó fireann iad. Tuigtear le comhionannas inscne go gcuirtear san áireamh leasanna, riachtanais agus tosaíochtaí ban agus fear araon, rud a aithníonn éagsúlacht grúpaí éagsúla ban agus fear. Ní saincheist ban é an comhionannas inscne ach ba cheart go mbeadh sé ina ábhar imní ag fir agus go mbeidís chomh gafa céanna le mná sa cheist. Feictear comhionannas idir mná agus fir araon mar shaincheist um chearta an duine agus mar réamhchoinníoll, agus mar tháscaire, maidir le forbairt agus daonlathasinbhuanaithe atá bunaithe ar dhaoine.