Description

modh príomhshruthaithe inscne a chomhtháthaíonn ábhair imní maidir le comhionannas inscne sna cuspóirí meastóireachta ach a comhtháthaíonn na hábhair imní sin i modheolaíocht, i gcur chuige agus in úsáid na meastóireachta freisin

Additional notes and information

Úsáidtear faireachán agus meastóireacht atá íogair ó thaobh inscne chun a nochtadh an dtugann clár aghaidh ar thosaíochtaí éagsúla agus ar riachtanais éagsúla na mban agus na bhfear, chun na gnéithe inscne sin is gá a chomhtháthú i gcórais faireacháin agus mheastóireachta a chinneadh. Chomh maith leis sin, cuirtear le cuntasacht maidir leis an dul dul cinn a dhéantar i gceisteanna comhionannais inscne ach spriocanna agus táscairí sainráite comhionannais inscne a bheith mar chuid den chéim phleanála. Ní foláir don fhaireachán agus don mheastóireacht éifeachtach a fhreagraíonn do chúrsaí inscne sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a chur san áireamh, sonraí a dhéanann tomhas ar an tionchar ar chaidrimh inscne. Cheal sonraí leordhóthanacha, tá sé an-deacair anailís fhóntach a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhionannas inscne. Tugann sé seo le tuiscint freisin, gur cheart ar a laghad na sonraí uile a bhailiú, a chur i láthair agus a anailísiú ar bhonn díchomhiomlánaithe gnéis.