Description

gné lárnach a bhaineann le bheith mar dhuine ar fud an tsaoil agus cuimsíonn sí gnéas, féiniúlachtaí agus róil inscne, gnéaschlaonadh, earótachas, pléisiúr, dlúthchaidreamh agus atáirgeadh

Additional notes and information

Faightear taithí ar ghnéasacht agus léirítear í i smaointe, fantaisí, mianta, tuairimí, dearcthaí, luachanna, iompraíochtaí, cleachtais, róil agus caidrimh. Cé go bhféadfadh na gnéithe seo go léir a bheith i ngnéasacht, ní fhaightear taithí orthu nó ní chuirtear in iúl iad ar fad i gcónaí. Tá tionchar ar an idirghníomhaíocht ag tosca bitheolaíocha, síceolaíocha, sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla, cultúrtha, eitice, dlí, staire, reiligiúnacha agus spioradálta.