Description

uirlis anailíseach chun staidéar a dhéanamh ar na bealaí a dtrasnaíonn gnéas agus inscne le saintréithe/féiniúlachtaí pearsanta eile, chun iad a thuiscint agus chun freagairt dóibh freisin agus ar an mbealach a gcuireann na trasnuithe sin le taithí uathúil ar an idirdhealú

Additional notes and information

Tá sé bunaithe ar an mbonn go bhfuil féiniúlachtaí iolracha ilsrathacha ag daoine, féiniúlachtaí a thagann ó chaidrimh shóisialta, ó chúlra agus ó fheidhmiú struchtúir chumhachta. Is é is aidhm don anailís thrasnach féiniúlachtaí iolracha a léiriú, trína nochtfar na cineálacha éagsúla d’idirdhealú agus de mhíbhuntáiste iolrach agus trasnach a tharlaíonn mar gheall ar an teaglaim féiniúlachtaí agus ar an ngnéas agus inscne a bheith ag trasnú le forais eile.